18 na hArvadaigh, na Zamáraigh, agus na Hamátaigh. Ina dhiaidh sin, leath treibheanna na gCanánach amach.
19 Ghabh críocha Chanán ó Shíodón i dtreo Ghearár go Gazá agus i dtreo Shodom agus Gomorá agus Adamá agus Zabóím go Laise.
20 Sin iad clann Hám de réir a dtreibheanna agus a dteangacha, de réir a gcríoch agus a gciníocha.
21 Rugadh clann chomh maith do Shéam, an té ónar shíolraigh clann Éibir ar fad, agus sinsear a dhearthár Iáfat.
22 Clann Shéam: Éalam agus Aisiúr agus Arpaicsead, agus Lúd agus Arám.
23 Clann Arám: Úz agus Húl agus Geitir agus Mais.
24 Ghin Arpaicsead Seálach, agus ghin Seálach Éibir.