2 Clann Iáfat: Gómar agus Mágóg agus Iáván agus Túbál agus Meisic agus Tíoras.
3 Clann Ghómar: Aisceanaz agus Rífeat agus Togarmá.
4 Clann Iáván: Eilíseá agus Tairsís agus Citím agus Dodáiním.
5 Uathusan a leath na daoine amach ar oileáin na nginte. [Sin iad clann mhac Iáfat] de réir a dtíortha, agus a dteangacha faoi leith, de réir a dtreibheanna agus a gciníocha.
6 Clann mhac Hám: Cúis agus Miosráím agus Pút agus Canán.
7 Clann mhac Chúis: Sabá agus Havalá agus Sabtá agus Rámá agus Sabtacá. Clann mhac Rámá: Seabá agus Deadán.
8 Ghin Cúis Niomrod, an chéad fhear ar talamh a ndearnadh flaith de.