24 Ghin Arpaicsead Seálach, agus ghin Seálach Éibir.
25 Agus rugadh beirt mhac do Éibir; tugadh Roinnt ar an gcéad duine mar gur lena linn a roinneadh an talamh, agus tugadh Ioctán ar a dheartháir.
26 Ghin Ioctán Almódád agus Seilif agus Hazarmávat agus Iárach
27 agus Hadórám agus Úzál agus Dicleá,
28 agus Óbál agus Abamáél agus Seabá
29 agus Óifir agus Havalá agus Ióbáb; clann Ioctán iadsan go léir.
30 Bhí cónaí orthu sa dúiche ó Mhéiseá i dtreo Shafar, an tír chnocach lastoir.