27 agus Hadórám agus Úzál agus Dicleá,
28 agus Óbál agus Abamáél agus Seabá
29 agus Óifir agus Havalá agus Ióbáb; clann Ioctán iadsan go léir.
30 Bhí cónaí orthu sa dúiche ó Mhéiseá i dtreo Shafar, an tír chnocach lastoir.
31 Sin iad clann mhac Shéam de réir a dtreibheanna agus a dteangacha, de réir a gcríoch agus a gciníocha.
32 Sin iad treibheanna chlann Naoi de réir a síol agus a gciníocha. Uathusan a leath na ciníocha ar fud an domhain tar éis na díleann.