9 Fiagaí éachtach a ba ea é i láthair an Tiarna, agus uime sin a deir an seanfhocal: “Fiagaí éachtach i láthair an Tiarna mar Niomrod.”
10 Thosaigh a ríocht le Báibil agus Eiric agus Acad, agus iad seo uile i dtír Shionár.
11 Ón tír sin a tháinig Aisiúr a thóg Nínivé agus Rahobot Ír agus Cálach,
12 agus Reisen idir Nínivé agus Cálach; cathair mhór í sin.
13 Ghin Miosráím muintir Lúd agus Anám agus Laháb agus Naftúch
14 agus Patrús agus Caslúch, ónar shíolraigh na Filistínigh, agus Caftór.
15 Ghin Canán Síodón a chéad mhac, agus Héat,