12 Nuair a fheicfidh na hÉigiptigh thú, déarfaidh siad: ‘Sin í an bhean,’ agus maróidh siad mise ach déanfaidh siad anacal ortsa.
13 Abair leo gur tú mo dheirfiúr i dtreo go rithfidh go maith liom de do chionn-sa agus go ndéanfaí anacal orm ar do shonsa.”
14 Agus nuair a chuaigh Abrám isteach san Éigipt chonaic na hÉigiptigh go raibh an bhean an-sciamhach.
15 Nuair a chonaic flatha Fhorainn í, mholadar í i láthair Fhorainn agus tugadh an bhean isteach i bpálás Fhorainn.
16 Agus chaith seisean go maith le hAbrám ar a son agus fuair sé caoirigh agus eallach, agus asail, daoir fir agus mná, agus láracha asail, agus camaill.
17 Chráigh an Tiarna Forann is a theaghlach le plánna troma mar gheall ar Sháraí bean Abrám.
18 Ghlaoigh Forann chuige ar Abrám dá bhrí sin agus dúirt: “Cad é seo a rinne tú orm? Cén fáth nár inis tú gurbh í do bhean í?