1 Tamall tar éis na nithe sin tháinig briathar an Tiarna chun Abrám i bhfís á rá: “Ná bíodh eagla ort, a Abrám. Is mé do sciath; beidh luach saothair an-mhór agat.”
2 “A Thiarna Dia liom,” arsa Abrám, “cad a thabharfaidh tú dom? Táim fós gan chlann...
3 Féach,” arsa Abrám ansin, “níor thug tú aon sliocht orm i dtreo go mbeidh daor a rugadh i mo theach féin ina oidhre orm.”
4 Agus féach! tháinig briathar an Tiarna chuige gan mhoill: “Ní hé an fear seo a bheidh ina oidhre ort. Beidh mac a ghinfear ó do leasracha féin ina oidhre ort.”
5 Agus thug sé leis amach é agus dúirt: “Féach suas ar an spéir agus comhair na réaltaí más féidir duit iad a áireamh. Mar sin,” ar sé ansin, “a bheidh do shíol.”