7 “Mise an Tiarna,” ar sé leis, “a thug tú amach as Úr na gCaildéach, chun go dtabharfainn an tír seo duit mar oidhreacht.”
8 “A Thiarna Dia liom,” ar sé, “cá bhfios dom go mbeidh sé mar oidhreacht agam?”
9 “Tabhair dom,” ar sé, “bearach trí bliana, minseach trí bliana, reithe trí bliana, colúr, agus colm óg.”
10 Thug sé iadsan go léir chuige; ghearr sé ina dhá leath gach ceann acu agus chuir sé leath ar thaobh agus leath ar an taobh eile os a chomhair sall, ach nár ghearr sé na héin.
11 Nuair a bhíodh éanlaith chreiche ag teacht anuas ar na conablaigh, chuireadh Abrám an ruaig orthu.
12 Le luí na gréine thit tromchodladh ar Abrám agus bhuail scéin é.
13 Ansin dúirt an Tiarna le hAbrám: “Bíodh a fhios seo agat go dearfa: beidh do shíol ina ndeoraithe i dtír nach leo, mar a mbeidh siad ina ndaoir agus mar a mbeidh siad faoi leatrom ar feadh ceithre chéad bliain.