1 Críochnaíodh neamh agus talamh agus a gcóiriú go léir ar an gcuma sin.
2 Ar an seachtú lá chríochnaigh Dia an obair a rinne sé. Scoir sé ar an seachtú lá den obair go léir a rinne sé.
3 Bheannaigh agus naomhaigh Dia an seachtú lá mar scoir sé an lá sin den obair go léir a rinne sé sa chruthú.
4 Sin iad céatúsa neimhe agus talún nuair a cruthaíodh iad.Nuair a rinne an Tiarna Dia neamh agus talamh,
5 ní raibh aon fhás fiáin fós ar talamh, ná aon lus fiáin fós ag péacadh, mar níor chuir an Tiarna Dia aon fhearthainn fós ar an talamh agus ní raibh duine ann a shaothródh an talamh.
6 Bhí, más ea, fíoruisce ag brúchtaíl aníos ón talamh agus ag uisciú dromchla na talún go léir.