14 An Tigris a thugtar ar an tríú habhainn agus sníonn sí lastoir den Aisír. An Eofrataes an ceathrú habhainn.
15 Thóg an Tiarna Dia an duine agus chuir i ngairdín Éidin é chun é a shaothrú agus aire a thabhairt dó.
16 Thug an Tiarna Dia aithne don duine á rá: “Tá saorchead agat toradh a ithe de gach crann sa ghairdín,
17 ach toradh de chrann fhios na maitheasa agus an oilc, ní íosfaidh tú mar an lá a íosfaidh tú de thoradh an chrainn sin, gheobhair bás, gheobhair sin.”
18 Agus dúirt an Tiarna Dia: “Ní maith é an duine a bheith leis féin. Déanfaidh mé céile cúnta a dhiongbhála dó.”
19 Chum an Tiarna Dia dá bhrí sin as an talamh ainmhithe an mhachaire go léir, éanlaith an aeir go léir, agus thug sé i láthair an duine iad féachaint cen t‑ainm a thabharfadh sé orthu: cibé ainm a thabharfadh an duine ar gach dúil bheo, sin é a bheadh mar ainm air.
20 Thug an duine ainm ar an eallach go léir, ar éanlaith an aeir go léir, agus ar na hainmhithe allta. Ach ní bhfuarthas céile cúnta a dhiongbhála don duine.