20 Thug an duine ainm ar an eallach go léir, ar éanlaith an aeir go léir, agus ar na hainmhithe allta. Ach ní bhfuarthas céile cúnta a dhiongbhála don duine.
21 Chuir an Tiarna Dia suan trom ar an duine, agus, ina shuan dó, bhain sé easna as agus chuir feoil ina timpeall.
22 An easna a bhain an Tiarna Dia as an duine, rinne sé bean aisti, agus thug chun an duine í.
23 Dúirt an duine ansin:“Is cnámh de mo chnámha-sa í seo ar deireadh,Agus is feoil de m'fheoilse í.Tabharfar bean (ís-seá) uirthiMar gur baineadh as an bhfear (ís) í.”
24 Uime sin, fágann an fear a athair agus a mháthair agus cloíonn sé lena bhean, agus déanann aon fheoil amháin díobh.
25 Bhíodar araon lomnocht, an fear agus a bhean, ach gan aon náire orthu.