1 D'imigh Abrahám ón ait sin go dúiche an Neigib agus chuir faoi idir Cáidéis agus Siúr agus tamall á chaitheamh aige i nGearár.
2 Is é a dúirt Abrahám faoina chéile Sárá: “Is í mo dheirfiúr í,” agus chuir Aibímeilic rí Ghearár fios ar Shárá agus ghabh chuige féin í.
3 Ach tháinig Dia i bhfís oíche chun Aibímeilic: “Tá an bás chugat,” ar sé leis, “de bharr na mná seo a ghabh tú chugat, mar tá fear céile aici.”
4 Ach ní raibh aon chaidreamh fós ag Aibímeilic uirthi agus dúirt sé: “A Thiarna, an marófá an mhuintir atá gan chionta, chomh maith?
5 Nach ndúirt sé féin: ‘Is í mo dheirfiúr í’ agus dúirt sí féin: ‘Is é mo dheartháir é.’ Rinne mé é seo le hionracas croí agus le glaine lámh.”