10 Ansin d'fhiafraigh Aibímeilic d'Abrahám: “Cad a bhí á thaibhreamh duit go ndearna tú an rud seo?”
11 “Rinne mé é,” arsa Abrahám, “mar gur mheas mé nach mbeadh aon eagla Dé ar aon chor san áit seo agus go maródh na daoine mé de bharr mo mhná.
12 Agus fairis sin is deirfiúr dom í go deimhin, iníon do m'athair, ach nach iníon do mo mháthair í; agus tugadh dom í mar chéile.
13 Nuair a thug Dia orm imeacht liom ó theach m'athar dúirt mé léi: ‘Tá gar is féidir duit a dhéanamh dom: cibé áit ina mbeidh ár dtriall, abair i mo thaobhsa: Is é mo dheartháir é.’ ”
14 Ansin fuair Aibímeilic caoirigh agus eallach agus daoir fir agus mná agus bhronn iad ar Abrahám agus thug sé Sárá a bhean ar ais dó.
15 Dúirt Aibímeilic: “Sin iad mo chríocha os do chomhair; cuir fút mar ar mian leat.”
16 Agus dúirt sé le Sárá: “Féach, thug mé míle píosa airgid do do dheartháir. Is éiric duit é i súile a bhfuil in éineacht leat; [sin deireadh an ghnó].”