12 Agus fairis sin is deirfiúr dom í go deimhin, iníon do m'athair, ach nach iníon do mo mháthair í; agus tugadh dom í mar chéile.
13 Nuair a thug Dia orm imeacht liom ó theach m'athar dúirt mé léi: ‘Tá gar is féidir duit a dhéanamh dom: cibé áit ina mbeidh ár dtriall, abair i mo thaobhsa: Is é mo dheartháir é.’ ”
14 Ansin fuair Aibímeilic caoirigh agus eallach agus daoir fir agus mná agus bhronn iad ar Abrahám agus thug sé Sárá a bhean ar ais dó.
15 Dúirt Aibímeilic: “Sin iad mo chríocha os do chomhair; cuir fút mar ar mian leat.”
16 Agus dúirt sé le Sárá: “Féach, thug mé míle píosa airgid do do dheartháir. Is éiric duit é i súile a bhfuil in éineacht leat; [sin deireadh an ghnó].”
17 Ansin, ar achainí Abrahám leigheas Dia Aibímeilic agus a bhean agus a dhaoir mná i dtreo gur rugadh clann dóibh.
18 Óir is amhlaidh a dhún an Tiarna an uile bhroinn i dteach Aibímeilic de bharr Shárá bean Abrahám.