4 Ach ní raibh aon chaidreamh fós ag Aibímeilic uirthi agus dúirt sé: “A Thiarna, an marófá an mhuintir atá gan chionta, chomh maith?
5 Nach ndúirt sé féin: ‘Is í mo dheirfiúr í’ agus dúirt sí féin: ‘Is é mo dheartháir é.’ Rinne mé é seo le hionracas croí agus le glaine lámh.”
6 Ansin dúirt Dia leis san fhís: “Is fíor duit. Tá a fhios agam gur le hionracas croí a rinne tú é seo; agus is mise a choinnigh tú ó pheaca a dhéanamh i m'aghaidh. Uime sin níor cheadaigh mé duit baint léi.
7 Tabhair an bhean ar ais, más ea, dá fear céile anois, óir is fáidh é agus guífidh sé ar do shon agus mairfidh tú. Ach mura dtabharfaidh tú ar ais í, bíodh a fhios agat go bhfaighidh tú féin agus cách is leat bás na mbás.”
8 D'éirigh Aibímeilic go moch ar maidin agus ghlaoigh chuige ar a shearbhóntaí go léir agus d'inis na nithe sin go léir dóibh; bhuail eagla mhór na fir.
9 Agus ghlaoigh Aibímeilic chuige ar Abrahám chomh maith agus dúirt leis: “Cad a rinne tú orainn? Cén éagóir a rinneamar ort go dtarraingeofá a leithéid de pheaca mór orm féin agus ar mo ríocht? Rinne tú liom faoi mar nár chóir.”
10 Ansin d'fhiafraigh Aibímeilic d'Abrahám: “Cad a bhí á thaibhreamh duit go ndearna tú an rud seo?”