1 Thug an Tiarna cuairt ar Shárá mar a dúirt sé, agus rinne sé di mar a gheall sé.
2 Agus ghabh Sárá gin agus rug sí mac d'Abrahám ina sheanaois ag an am a gheall Dia dó.
3 Íosác an t‑ainm a thug Abrahám ar an mac a rugadh dó, an mac a rug Sárá dó.
4 Rinne Abrahám timpeallghearradh ar a mhac Íosác nuair a bhí sé ocht lá d'aois faoi mar a d'ordaigh Dia dó.
5 Bhí Abrahám céad bliain d'aois nuair a rugadh a mhac Íosác dó.
6 Ansin dúirt Sárá: “Thug Dia cúis gháire dom; gach a gcloisfidh, déanfaidh siad gáire liom.”
7 Lean sí uirthi:“Cé déarfadh le hAbrahámgo dtabharfadh Sárá cíoch do chlann!Ach tá mac tugtha agam dó ina sheanaois.”