15 Nuair nach raibh braon uisce fagtha sa tseithe chuir sí an leanbh uaithi faoi thor.
16 Ansin d'imigh sí agus shuigh os a choinne sall tamall maith ó bhaile, timpeall raon saighde agus dúirt sí léi féin: “Ní fhéadfainn a bheith ag faire ar an leanbh ag fáil bháis.” Agus shuigh sí os a choinne sall agus bhí an leanbh ag gol go hard agus shil sé na deora.
17 Chuala Dia olagón an linbh agus ghlaoigh aingeal Dé ar Hágár ó neamh: “Cad tá ort, a Hágár?” a d'fhiafraigh sé; “ná bíodh eagla ort óir tá éiste ag Dia le glór an linbh ón áit ina bhfuil sé.
18 Éirigh, tóg an leanbh agus coinnigh greim docht láimhe air, mar déanfaidh mé cine mor de.”
19 Ansin d'oscail Dia súile Hágár agus chonaic sí tobar uisce, agus d'imigh agus líon an tseithe d'uisce agus thug deoch don leanbh.
20 Agus bhí Dia leis an leanbh agus d'fhás sé agus chuir faoi san fhásach agus bhí sé oilte ar an tsaighead.
21 I bhfásach Párán a chuir sé faoi agus fuair a mháthair bean dó ó thír na hÉigipte.