20 Agus bhí Dia leis an leanbh agus d'fhás sé agus chuir faoi san fhásach agus bhí sé oilte ar an tsaighead.
21 I bhfásach Párán a chuir sé faoi agus fuair a mháthair bean dó ó thír na hÉigipte.
22 Um an dtaca sin tháinig Aibímeilic agus Fíocol, a thaoiseach airm, agus dúirt le hAbrahám: “Bíonn Dia leat i ngach ní a dhéanann tú.
23 Mionnaigh dar Dia dá bhrí sin anseo domsa nach ndéanfaidh tú calaois ormsa ná ar mo chlann ná ar mo shliocht, ach ó bhios-sa cineálta leatsa go mbeidh tusa chomh cineálta céanna liomsa agus leis an bhfearann ina bhfuil tú le seal.” “Déanfad,” arsa Abrahám, “mionnaim sin duit.”
24 Agus rinne Abrahám gearán le hAibímeilic i dtaobh tobair a ghabh searbhóntaí Aibímeilic le láimh láidir.
25 “Ní eol dom,” arsa Aibímeilic, “cé rinne é seo.
26 Níor luaigh tú féin aon ní liom faoi, ná níor chuala mise focal faoi go dtí inniu.”