29 “Cad is ciall leis na seacht bhfóisc seo á gcur i leataobh agat?” a d'fhiafraigh Aibímeilic d'Abrahám.
30 D'fhreagair seisean: “Ní foláir duit na seacht bhfóisc seo a ghlacadh ó mo láimh mar fhianaise gur mise a thochail an tobar seo.”
31 Uime sin a tugadh Béar Seaba (Tobar an Mhionna) ar an áit mar gur mhionnaíodar araon ann.
32 Nuair a bhí an conradh déanta acu i mBéar Seaba dá réir sin, chuir Aibímeilic agus Fíocol, an taoiseach airm, chun siúil agus d'fhilleadar ar thír na bhFilistíneach.
33 Phlandaigh Abrahám crann tamaraisce i mBéar Seaba agus ghlaoigh ansiúd ar ainm an Tiarna, Dia síoraí.
34 Agus d'fhan Abrahám tamall fada i dtír na bhFilistíneach.