3 Íosác an t‑ainm a thug Abrahám ar an mac a rugadh dó, an mac a rug Sárá dó.
4 Rinne Abrahám timpeallghearradh ar a mhac Íosác nuair a bhí sé ocht lá d'aois faoi mar a d'ordaigh Dia dó.
5 Bhí Abrahám céad bliain d'aois nuair a rugadh a mhac Íosác dó.
6 Ansin dúirt Sárá: “Thug Dia cúis gháire dom; gach a gcloisfidh, déanfaidh siad gáire liom.”
7 Lean sí uirthi:“Cé déarfadh le hAbrahámgo dtabharfadh Sárá cíoch do chlann!Ach tá mac tugtha agam dó ina sheanaois.”
8 D'fhás an leanbh agus baineadh den chíoch é, agus rinne Abrahám fleá mhór an lá a baineadh Íosác ó dheol.
9 Bhí Sárá ag faire ar mhac Hágár, an tÉigipteach mná, an mac a rug sí d'Abrahám, ag súgradh [lena mac Íosác].