8 D'fhás an leanbh agus baineadh den chíoch é, agus rinne Abrahám fleá mhór an lá a baineadh Íosác ó dheol.
9 Bhí Sárá ag faire ar mhac Hágár, an tÉigipteach mná, an mac a rug sí d'Abrahám, ag súgradh [lena mac Íosác].
10 Dúirt sí le hAbrahám: “Tiomáin chun siúil an daoirseach seo agus a mac, óir ní bheidh mac na daoirsí i bpáirt chun na hoidhreachta le mo mhacsa Íosác.”
11 Ghoill an chaint sin go mór ar Abrahám de bharr a mhic,
12 ach dúirt Dia leis: “Ná bíodh ceist an ógánaigh agus na daoirsí ag goilliúint ort; cibé rud a deir Sárá leat a dhéanamh, déan rud uirthi, mar is trí Íosác a mhairfidh d'ainm i do shíol.
13 Ach déanfaidh mé cine de mhac na daoirsí mar an gcéanna mar gurb é do shíolsa é.”
14 D'éirigh Abrahám go moch ar maidin dá bhrí sin agus fuair sé arán agus seithe uisce agus thug do Hágár iad; d'ardaigh sé an leanbh ar a gualainn agus chuir chun siúil í. D'imigh sí léi agus bhí ar seachrán ar fud fásaigh Bhéar Seaba.