1 Bhí Abrahám ina sheanduine, anonn go maith sna blianta, agus bhí beannacht an Tiarna air ina chúrsaí go léir.
2 Dúirt Abrahám leis an sinsear ar shearbhóntaí a theaghlaigh, an té a bhí i bhfeighil a raibh de mhaoin aige: “Cuir do lámh faoi mo cheathrú
3 agus cuirfidh mé faoi bhrí na mionn thú, dar an Tiarna, Dia neimhe agus talún, gan bean a fháil do mo mhac ó iníonacha na gCanánach a bhfuil cónaí orm ina measc
4 ach, ina ionad sin, dul ag triall ar mo thír dhúchais agus ar mo mhuintir féin chun bean a fháil do mo mhac Íosác.”
5 D'fhreagair an searbhónta é: “B'fhéidir nárbh áil leis an mbean teacht liom chun na dúiche seo; ansin cad a dhéanfainn? An gcaithfinn ansin do mhac a bhreith ar ais chun na tíre as ar tháinig tú?”
6 “Ná beir mo mhac ansiúd ar ais ar aon chúinse, féach!” arsa Abrahám.
7 “An Tiarna, Dia neimhe [agus talún], thug sé mise amach ó theach m'athar agus ó thír mo chine, agus mhionnaigh dom á rá: ‘Do do shíolsa a thabharfaidh mé an tír seo’; seolfaidh seisean a aingeal romhat amach agus gheobhaidh tú bean do mo mhac sa tír sin.