10 Rug an searbhónta deich gcinn de chamaill a mháistir leis agus a rogha de gach sórt de thogha maoine a mháistir agus chuir sé chun bóthair i dtreo Arám na nAibhneacha, go cathair Náchór.
11 Um tráthnóna, faoin am go dtagann na mná amach ag triall ar uisce, chuir sé na camaill ina luí ar a nglúine ag an tobar fíoruisce lasmuigh den chathair.
12 Agus dúirt sé: “A Thiarna, a Dhia mo mháistir Abrahám, bí faram inniu, iarraim ort, agus bí cineálta le mo mháistir Abrahám.
13 Seo i mo sheasamh anseo mé láimh leis an tobar fíoruisce agus iníonacha mhuintir na cathrach ag teacht amach ag triall ar uisce.
14 An cailín a ndéarfaidh mé léi dá bhrí sin: ‘Leag do chrúsca ar an talamh agus lig dom deoch a ól,’ agus a fhreagróidh: ‘Bíodh deoch agat, agus tabharfaidh mé deoch do do chamaill chomh maith,’ go mba ise, guím thú, an bhean atá roghnaithe agat do do shearbhónta Íosác. Uaidh seo beidh a fhios agam go bhfuil tú cineálta le mo mháistir Abrahám.”
15 Is ar éigean a bhí na focail sin ráite aige nuair a tháinig Ribeacá amach agus crúsca ar a gualainn aici. Ba í iníon Bhatúél mac Mhilceá bean dheartháir Abrahám, Náchór.
16 Ógbhean le barr sceimhe a ba ea í agus maighdean nach raibh cuid ag fear di. Chuaigh sí síos chun an tobair, líon a crúsca agus tháinig aníos.