17 Rith an searbhónta ina treo ansin agus dúirt: “Tabhair dom deoch bheag uisce as do chrúsca le do thoil.”
18 “Bíodh deoch agat, a thiarna,” ar sí á fhreagairt agus lig sí an crúsca anuas ar a géag gan mhoill agus thug deoch dó.
19 Tar éis di an deoch a thabhairt do, dúirt sí: “Tarraingeoidh mé uisce do do chamaill chomh maith go n‑óla siad a sáith.”
20 Scaoil sí a raibh d'uisce ina crúsca isteach san umar ansin go deifreach agus rith léi go dtí an tobar arís ag triall ar uisce, agus tharraing sí dóthain a chamall go léir.
21 Bhí sé siúd gan focal as ag faire uirthi, féachaint an raibh bail ón Tiarna ar a aistear nó nach raibh.
22 Nuair a bhí deireadh olta ag na camaill, rug an fear ar fháinne óir a mheáigh leathsheicil [agus chuir ar a srón é]; agus chuir dhá bhráisléad a mheáigh deich seicil óir ar a lámha.
23 “Cé hé do athair?” ar sé. “Abair, le do thoil! Agus an bhfuil slí i dteach d'athar dúinn chun an oíche a chaitheamh ann?”