22 Nuair a bhí deireadh olta ag na camaill, rug an fear ar fháinne óir a mheáigh leathsheicil [agus chuir ar a srón é]; agus chuir dhá bhráisléad a mheáigh deich seicil óir ar a lámha.
23 “Cé hé do athair?” ar sé. “Abair, le do thoil! Agus an bhfuil slí i dteach d'athar dúinn chun an oíche a chaitheamh ann?”
24 D'fhreagair sí é: “Mise iníon Bhatúél, mac a rug Milceá do Náchór,” ar sí,
25 agus lean sí uirthi: “Tá raidhse tuí agus foráiste againn agus áit lóistín.”
26 Shléacht an fear ansin agus d'adhair sé an Tiarna
27 á rá: “Moladh leis an Tiarna, Dia do mháistir Abrahám! óir níor stad sé ach ag déanamh cineáltais agus maitheasa do mo mháistir. Sheol an Tiarna mé caol díreach go teach ghaolta mo mháistir!”
28 Rith an ógbhean léi ansin agus d'inis gach ar tharla do theaghlach a máthar.