27 á rá: “Moladh leis an Tiarna, Dia do mháistir Abrahám! óir níor stad sé ach ag déanamh cineáltais agus maitheasa do mo mháistir. Sheol an Tiarna mé caol díreach go teach ghaolta mo mháistir!”
28 Rith an ógbhean léi ansin agus d'inis gach ar tharla do theaghlach a máthar.
29 Bhí deartháir ag Ribeacá arbh ainm dó Lábán, agus bhrostaigh seisean amach chun an tobair mar a raibh an fear.
30 A luaithe a chonaic sé an fáinne agus na bráisléid a bhí á gcaitheamh ag a dheirfiúr, agus gur chuala sé a ndúirt Ribeacá a dheirfiúr: “A leithéid seo ar sé liom,” chuaigh sé go dtí an fear; agus, féach! bhí seisean ina sheasamh lena chamaill ag an tobar.
31 “Tar isteach,” ar sé, “tusa a bheannaigh an Tiarna; cad a ba áil leat i do sheasamh anseo amuigh? óir tá an teach i gcóir duit agus áit do do chamaill.”
32 Chuaigh an fear isteach; scoir Lábán na camaill agus thug dó tuí agus foráiste do na camaill agus uisce chun a chosa agus cosa a chompánach a ionladh.
33 Leagadar bia os a chomhair, ach dúirt sé: “Ní bhlaisfidh mé greim nó go mbeidh mo theachtaireacht inste agam.” “Abair leat,” arsa [Lábán].