32 Chuaigh an fear isteach; scoir Lábán na camaill agus thug dó tuí agus foráiste do na camaill agus uisce chun a chosa agus cosa a chompánach a ionladh.
33 Leagadar bia os a chomhair, ach dúirt sé: “Ní bhlaisfidh mé greim nó go mbeidh mo theachtaireacht inste agam.” “Abair leat,” arsa [Lábán].
34 “Searbhónta Abrahám mise,” ar sé.
35 “Is éachtach mar a bheannaigh an Tiarna mo mháistir; is an-saibhir an fear anois é. Thug sé dó táinte agus tréada, airgead agus ór, daoir agus daoirseacha, camaill agus asail.
36 Sárá, bean mo mháistir, rug sí mac dó ina seanaois; thug sé a bhfuil aige dósan.
37 Chuir mo mháistir mise faoi bhrí na mionn á rá: ‘Ní bhfaighidh tú bean do mo mhac ó iníonacha na gCanánach, a bhfuil cónaí orm ina measc.
38 Ach ina ionad sin, rachaidh tú go teach m'athar agus go dtí mo mhuintir féin agus bean a fháil do mo mhac.’