40 Ach d'fhreagair sé: ‘An Tiarna, a siúlaim ina fhianaise, seolfaidh sé a aingeal farat d'fhonn go n‑éireodh do bhóthar leat agus gheobhaidh tú bean do mo mhac ó mo mhuintir agus ó theach m'athar.
41 Mar seo a bheidh tú saor ó dheasca mo mhionna: rachaidh tú go dtí mo mhuintir; agus má dhiúltaíonn siad duit í, beidh tú saor ó dheasca mo mhionna.’ ”
42 “Tháinig mé inniu dá réir sin go dtí an tobar agus dúirt mé: ‘A Thiarna, a Dhia mo mháistir Abrahám, taispeáin dom an bhfuil do bhail á cur agat ar an ród ar a dtriallaim.
43 Seo mé i mo sheasamh ag an tobar fíoruisce: an ógbhean dá bhrí sin a thiocfaidh amach ag triall ar uisce agus a ndéarfaidh mé léi: Tabhair dom deoch bheag uisce as do chrúsca, le do thoil, agus a déarfaidh:
44 Bíodh deoch agat, agus tarraingeoidh mé uisce do do chamaill chomh maith - gurab í sin an bhean a roghnaigh an Tiarna do mhac mo mháistir.’
45 Sula raibh deireadh ráite agam liom féin, ba sheo amach Ribeacá agus a crúsca ar a gualainn; síos léi chun an tobair agus tharraing. ‘Tabhair dom deoch le do thoil,’ arsa mise léi.
46 Lig sí a crúsca dá gualainn gan mhoill agus dúirt: ‘Bíodh deoch agat, agus tabharfaidh mé deoch do do chamaill chomh maith.’ D'ól mé deoch dá bhrí sin agus thug sí deoch do na camaill leis.