41 Mar seo a bheidh tú saor ó dheasca mo mhionna: rachaidh tú go dtí mo mhuintir; agus má dhiúltaíonn siad duit í, beidh tú saor ó dheasca mo mhionna.’ ”
42 “Tháinig mé inniu dá réir sin go dtí an tobar agus dúirt mé: ‘A Thiarna, a Dhia mo mháistir Abrahám, taispeáin dom an bhfuil do bhail á cur agat ar an ród ar a dtriallaim.
43 Seo mé i mo sheasamh ag an tobar fíoruisce: an ógbhean dá bhrí sin a thiocfaidh amach ag triall ar uisce agus a ndéarfaidh mé léi: Tabhair dom deoch bheag uisce as do chrúsca, le do thoil, agus a déarfaidh:
44 Bíodh deoch agat, agus tarraingeoidh mé uisce do do chamaill chomh maith - gurab í sin an bhean a roghnaigh an Tiarna do mhac mo mháistir.’
45 Sula raibh deireadh ráite agam liom féin, ba sheo amach Ribeacá agus a crúsca ar a gualainn; síos léi chun an tobair agus tharraing. ‘Tabhair dom deoch le do thoil,’ arsa mise léi.
46 Lig sí a crúsca dá gualainn gan mhoill agus dúirt: ‘Bíodh deoch agat, agus tabharfaidh mé deoch do do chamaill chomh maith.’ D'ól mé deoch dá bhrí sin agus thug sí deoch do na camaill leis.
47 Chuir mé ceist uirthi: ‘Cé hé d'athair?’ ‘Mise iníon Bhatúél, mac a rug Milceá do Náchór,’ ar sí. Chuir mé an fáinne dá bhrí sin ar a srón agus na bráisléid ar a lámha.