45 Sula raibh deireadh ráite agam liom féin, ba sheo amach Ribeacá agus a crúsca ar a gualainn; síos léi chun an tobair agus tharraing. ‘Tabhair dom deoch le do thoil,’ arsa mise léi.
46 Lig sí a crúsca dá gualainn gan mhoill agus dúirt: ‘Bíodh deoch agat, agus tabharfaidh mé deoch do do chamaill chomh maith.’ D'ól mé deoch dá bhrí sin agus thug sí deoch do na camaill leis.
47 Chuir mé ceist uirthi: ‘Cé hé d'athair?’ ‘Mise iníon Bhatúél, mac a rug Milceá do Náchór,’ ar sí. Chuir mé an fáinne dá bhrí sin ar a srón agus na bráisléid ar a lámha.
48 Ansin shléacht mé agus d'adhair mé an Tiarna, agus mhol mé an Tiarna, Dia mo mháistir Abrahám, a threoraigh mé le barr cineáltais chun iníon bhráthair mo mháistir a thoghadh dá mhac.
49 Anois mar sin, más mian libh a bheith dílis ionraic le mo mháistir, insigí dom é; agus mura bhfuil sibh, abraigí - ionas go gcasfainn deiseal nó tuathal.”
50 D'fhreagair Lábán agus Batúél: “Ón Tiarna é seo! ní féidir linne sea ná ní hea a rá leat.
51 Sin í Ribeacá os do chomhair. Tóg leat í agus imigh agus bíodh sí mar bhean ag mac do mháistir, faoi mar a dúirt an Tiarna.”