56 “Ná cuirigí moill orm,” ar sé leo, “mar is é an Tiarna a chuir bail ar m'aistear. Scaoiligí liom ag triall ar mo mháistir.”
57 “Glaofaimid ar an ógbhean,” ar siad, “agus cuirfimid ceist uirthi.”
58 Agus ghlaodar ar Ribeacá agus chuireadar ceist uirthi: “An rachaidh tú leis an bhfear seo?” “Déanfaidh mé,” ar sí.
59 Scaoileadar chun siúil dá bhrí sin Ribeacá a ndeirfiúr agus a buime, agus searbhónta Abrahám agus a chuid fear.
60 Chuireadar beannacht ar Ribeacá agus dúradar léi:“A dheirfiúr linn, bíodh an rath ort!Go raibh na mílte de dheich mílte ar do shliocht!Go raibh seilbh ag do shíolAr gheataí a naimhde.”
61 Ansin d'éirigh Ribeacá agus a hionailtí agus chuaigh ar muin na gcamall agus lean an fear: rug an searbhónta Ribeacá leis ar an tslí sin agus d'imigh.
62 Bhí Íosác ag cur faoi sa Neigib agus é tagtha um an dtaca sin go dtí fásach Thobar an Bheo a Fheiceann.