60 Chuireadar beannacht ar Ribeacá agus dúradar léi:“A dheirfiúr linn, bíodh an rath ort!Go raibh na mílte de dheich mílte ar do shliocht!Go raibh seilbh ag do shíolAr gheataí a naimhde.”
61 Ansin d'éirigh Ribeacá agus a hionailtí agus chuaigh ar muin na gcamall agus lean an fear: rug an searbhónta Ribeacá leis ar an tslí sin agus d'imigh.
62 Bhí Íosác ag cur faoi sa Neigib agus é tagtha um an dtaca sin go dtí fásach Thobar an Bheo a Fheiceann.
63 Le fuineadh an lae chuaigh Íosác amach ag siúl sna bánta; d'ardaigh sé a shúile agus d'fhéach uaidh agus chonaic camaill chuige.
64 Agus d'ardaigh Ribeacá a súile agus nuair a chonaic sí Íosác tháinig anuas dá camall
65 agus dúirt leis an searbhónta: “Cé hé an fear úd thall ag siúl an bháin inár dtreo?” “Siúd é mo mháistir,” arsa an searbhónta á freagairt. Thóg sí an fial ansin agus chuir thar a ceannaithe é.
66 D'inis an searbhónta do Íosác gach a raibh déanta aige.