1 Bhí gorta sa tír - ceann eile seachas é siúd a bhí le linn Abrahám - agus chuaigh Íosác go Gearár, go hAibímeilic rí na bhFilistíneach.
2 Thaispeáin an Tiarna é féin dó agus dúirt: “Ná téigh síos go dtí an Éigipt ach fan sa tír a inseoidh mé duit.
3 Fan go fóill sa tír seo agus beidh mise farat agus cuirfidh mé mo bheannacht ort. Óir is duitse agus do do shliocht a thabharfaidh mé na dúichí seo go léir, agus comhlíonfaidh mé an mionn a thug mé do bhur n‑athair Abrahám.
4 Cuirfidh mé an rath ar do shíol mar réaltaí neimhe, agus tabharfaidh mé na dúichí seo go léir do do shliocht; agus is trí do shliochtsa a bheannóidh ciníocha an domhain go léir iad féin.
5 Óir bhí Abrahám umhal do mo ghlór agus rinne sé mo réir, chomhlíon sé m'aitheanta agus mo reachtanna agus mo dhlíthe.”
6 D'fhan Íosác i nGearár dá bhrí sin.