11 Ansin thug Aibímeilic ordú dá mhuintir go léir: “Aon duine a leagfaidh lámh ar an bhfear seo nó ar a bhean, cuirfear chun báis é.”
12 Chuir Íosác síol sa tír agus bhain sé fómhar faoi chéad an bhliain sin. Chuir an Tiarna a bheannacht airsean,
13 agus rinne fear saibhir de agus mhéadaigh ar a mhaoin i gcónaí go dtí go raibh sé an-ghustalach ar fad.
14 Bhí táinte agus tréada agus a lán searbhóntaí aige i dtreo go dtáinig formad ar na Filistínigh leis.
15 Na toibreacha fíoruisce go léir a thochail daoir a athar le linn Abrahám a athair, chaith na Filistínigh cré isteach iontu agus dhún iad.
16 Agus dúirt Aibímeilic le hÍosác: “Imigh leat uainne, mar is cumhachtaí go mor tú ná sinne.”
17 D'fhág Íosác an áit sin agus chuir suas a bhoth i nGleann Ghearár agus chuir faoi ann.