17 D'fhág Íosác an áit sin agus chuir suas a bhoth i nGleann Ghearár agus chuir faoi ann.
18 Agus thochail Íosác arís na toibreacha fíoruisce a rinne daoir a athar Abrahám, ach a dhún na Filistínigh tar éis bhás Abrahám, agus thug sé na hainmneacha céanna orthu agus a thug a athair.
19 Nuair a thochail daoir Íosác sa ghleann agus go bhfuaireadar tobar fíoruisce,
20 tháinig aoirí Ghearár chun imris le haoirí Íosác á rá: “Linne an t‑uisce.” Thug sé Éisic (Aighneas) dá bhrí sin ar an tobar mar go ndearnadar aighneas leis.
21 Ansin thochail siad tobar eile, agus bhí aighneas eatarthu faoi sin leis, agus thug sé Sitneá (Eascairdeas) air.
22 D'fhág sé an áit sin agus thochail sé tobar eile agus ní raibh aon imreas faoin gceann seo, agus thug sé Rachóbót (Fairsinge) air á rá: “Thug an Tiarna fairsinge dúinn anois agus beidh an rath orainn sa dúiche.”
23 Chuaigh sé as sin go Béar Seaba.