30 Rinne sé fleá dóibh ansin agus chaitheadar bia agus deoch.
31 D'éiríodar go moch ar maidin agus ghlacadar mionn a chéile. Ansin d'fhag Íosác slán acu agus d'imíodar uaidh faoi shíocháin.
32 An lá ceannann céanna tháinig daoir Íosác chuige le scéala an tobair a thochail siad. “Thángamar ar uisce,” ar siad.
33 Thug sé Sibeá (Mionn) ar an tobar dá bhrí sin agus tá Béar Seaba ar an gcathair go dtí an lá atá inniu ann.
34 Nuair a bhí Éasau daichead bliain phós sé Iúidit iníon Bhéirí an Hiteach, agus Básamat iníon Éalon an Hiteach.
35 Ghoill an bheirt bhan seo ar chroí ar Íosác agus ar Ribeacá.