4 Cuirfidh mé an rath ar do shíol mar réaltaí neimhe, agus tabharfaidh mé na dúichí seo go léir do do shliocht; agus is trí do shliochtsa a bheannóidh ciníocha an domhain go léir iad féin.
5 Óir bhí Abrahám umhal do mo ghlór agus rinne sé mo réir, chomhlíon sé m'aitheanta agus mo reachtanna agus mo dhlíthe.”
6 D'fhan Íosác i nGearár dá bhrí sin.
7 Nuair a chuir muintir na háite ceist air faoina bhean, d'fhreagair sé: “Is í mo dheirfiúr í,” mar bhí eagla air a rá: “Is í mo bhean í,” le faitíos go gcuirfidís é féin chun báis ar son Ribeacá de bharr feabhas a scéimhe.
8 Tharla, agus tamall fada caite aige ann, gur fhéach Aibímeilic, rí na bhFilistíneach, amach trí fhuinneog agus go bhfaca sé Íosác ag láínteacht lena bhean Ribeacá.
9 Chuir Aibímeilic fios ar Íosác: “Ní foláir nó gurb í do bhean í! Conas mar sin a d'fhéad tú a rá: ‘Is í mo dheirfiúr í’?” “Mar go raibh eagla orm,” arsa Íosác leis, “go marófaí mé ar a son.”
10 “Céard é seo atá déanta agat linn?” arsa Aibímeilic. “B'fhurasta a tharlú go rachadh duine dár muintir chun luí le do bhean agus ansin bheadh coir tugtha sa mhullach agat orainn.”