32 D'fhiafraigh a athair Íosác de: “Cé hé thú féin?” D'fhreagair sé: “Mise do mhac, do chéadghin Éasau.”
33 Bhuail taom de bhallchrith Íosác agus dúirt: “Cérbh é siúd mar sin,” ar sé, “a chuaigh ag fiach agus a fuair seilg agus a thug chugam í agus gur ith mé í go léir sula dtainig tú? Chuir mé mo bheannacht air, sea, agus is air a fhanfaidh mo bheannacht!”
34 Nuair a chuala Éasau an chaint sin lig sé liú ard cráite as á rá in ard a ghutha: “Ó a athair liom, cuir do bheannacht ormsa, sea ormsa, chomh maith.”
35 D'fhreagair sé: “Tháinig do dheartháir trí chealg agus sciob sé leis do bheannacht.”
36 Dúirt Éasau: “Nach maith mar atá sé tuillte aige Iacób a bheith mar ainm air. Seo an dara huair aige ag fáil buntáiste orm. Sciob sé leis mo cheart sinsearachta, agus seo anois é ag baint mo bheannachta díom.” Agus ar sé: “Ar choimeád tú aon bheannacht domsa?”
37 Thug Íosác freagra ar Éasau: “Féach! rinne mé tiarna de os do chionn; thug mé a bhráithre uile mar shearbhóntaí dó; thug mé arbhar agus fíon mar chothú dó; cad eile a fhágann sin le déanamh duitse, a mhic?”
38 Dúirt Éasau lena athair: “An amhlaidh nach bhfuil agat ach an t‑aon bheannacht amháin, a athair? Cuir beannacht ormsa, chomh maith, a athair liom.” [Níor labhair Íosác focal], ach scread Éasau in ard a chinn agus bhris a ghol air.