1 Asin ghlaoigh Íosác ar Iacób agus bheannaigh é agus thug an t‑ordú seo dó: “Ná pós bean de mhná na gCanánach.
2 Imigh leat soir go Padan Arám go teach Bhatúél, athair do mháthar, agus tóg ón áit sin duine d'iníonacha Lábán, deartháir do mháthar, mar bhean duit féin.
3 Go mbeannaí Dia Uilechumhachtach thú agus go gcuire sé an rath ort agus sliocht iomadúil i dtreo go ndéana baicle ciníocha díot.
4 Go gcuire sé beannacht Abrahám ort féin agus ar do shliocht i do theannta i dtreo go bhfaighidh tú seilbh ar an bhfearann ina bhfuil tú anois, fearann a thug sé d'Abrahám.”
5 Chuir Íosác Iacób chun siúil agus d'imigh Iacób go Padan Arám, go Lábán mac Bhatúél an tArámach, deartháir Ribeacá, máthair Iacób agus Éasau.
6 Chonaic Éasau gur chuir Íosác a bheannacht ar Iacób agus gur sheol sé go Padan Arám é chun bean a fháil ann, agus á bheannú dó gur thug sé ordú: “Ná pós bean de mhná na gCanánach”;
7 agus gur ghéill Iacób dá athair agus dá mháthair agus go ndeachaigh sé go Padan Arám.