15 Féach! táim taobh leat agus cosnóidh mé thú cibé áit a ngabhfaidh tú agus seolfaidh mé ar ais chun na tíre seo thú, mar ní scarfaidh mé leat nó go ndéanfaidh mé a bhfuil geallta agam duit.”
16 Ansin dhúisigh Iacób as a chodladh agus dúirt: “Tá an Tiarna san áit seo, tá sin, agus ní raibh a fhios agam é.”
17 Bhí eagla air agus dúirt: “Nach uaimhneach an áit é seo! Céard eile é seo ach teach Dé! Is é geata na bhflaitheas é.”
18 D'éirigh Iacób go moch ar maidin dá bhrí sin, agus thóg an chloch a bhí faoina cheann agus chuir ina seasamh í mar ghallán cuimhneacháin, agus dhoirt ola uirthi.
19 Thug sé Béitéil mar ainm ar an áit; Lúz a bhí mar ainm ar an mbaile roimhe sin.
20 Thug Iacób móid ansin á rá: “Má bhíonn Dia liom agus mé a choimeád slán ar an turas seo ar a dtriallaim, agus bia le hithe a thabhairt dom, agus éadach le caitheamh,
21 i dtreo go bhfillfidh mé slán folláin ar theach m'athar, ansin beidh an Tiarna ina Dhia agam,