4 Go gcuire sé beannacht Abrahám ort féin agus ar do shliocht i do theannta i dtreo go bhfaighidh tú seilbh ar an bhfearann ina bhfuil tú anois, fearann a thug sé d'Abrahám.”
5 Chuir Íosác Iacób chun siúil agus d'imigh Iacób go Padan Arám, go Lábán mac Bhatúél an tArámach, deartháir Ribeacá, máthair Iacób agus Éasau.
6 Chonaic Éasau gur chuir Íosác a bheannacht ar Iacób agus gur sheol sé go Padan Arám é chun bean a fháil ann, agus á bheannú dó gur thug sé ordú: “Ná pós bean de mhná na gCanánach”;
7 agus gur ghéill Iacób dá athair agus dá mháthair agus go ndeachaigh sé go Padan Arám.
8 Tuigeadh dó dá bhrí sin nár thaitin mná na gCanánach le hÍosác a athair,
9 agus chuaigh sé go hÍsmeáél agus phós sé bean eile de bhreis ar na mná a bhí aige, Machalat iníon le hÍsmeáél mac Abrahám, deirfiúr Nabáiót.
10 D'fhág Iacób Béar Seaba agus thug aghaidh ar Hárán.