6 Chonaic Éasau gur chuir Íosác a bheannacht ar Iacób agus gur sheol sé go Padan Arám é chun bean a fháil ann, agus á bheannú dó gur thug sé ordú: “Ná pós bean de mhná na gCanánach”;
7 agus gur ghéill Iacób dá athair agus dá mháthair agus go ndeachaigh sé go Padan Arám.
8 Tuigeadh dó dá bhrí sin nár thaitin mná na gCanánach le hÍosác a athair,
9 agus chuaigh sé go hÍsmeáél agus phós sé bean eile de bhreis ar na mná a bhí aige, Machalat iníon le hÍsmeáél mac Abrahám, deirfiúr Nabáiót.
10 D'fhág Iacób Béar Seaba agus thug aghaidh ar Hárán.
11 Tháinig sé go dtí áit áirithe agus chaith sé an oíche ann mar go raibh an ghrian imithe faoi. Thóg sé cloch de na clocha a bhí ansiúd agus chuir faoina cheann í agus luigh síos mar a raibh sé.
12 Rinneadh taibhreamh dó: dréimire ina sheasamh ar an talamh agus a bharr ag sroicheadh neimhe, agus bhí aingil Dé suas agus anuas air.