2 Dúirt an bhean leis an nathair nimhe: “Ní miste dúinn toradh na gcrann sa ghairdín a ithe:
3 ach toradh an chrainn atá i lár an ghairdín, dúirt Dia faoi: ‘ná hithigí é agus na bainigí leis le heagla go bhfaigheadh sibh bás’.”
4 Agus dúirt an nathair nimhe leis an mbean: “Ní bhfaighidh sibh bás, ní bhfaighidh sin!
5 Óir is eol do Dhia an lá a íosfaidh sibh dá thoradh sin, go n‑osclófar bhur súile agus go mbeidh sibh cosúil le déithe agus fios na maitheasa agus an oilc agaibh.”
6 Chonaic an bhean gur mhaith le hithe toradh an chrainn, agus gur gheal leis an tsúil é agus gur dhíol dúile é ar son an fheasa a thug sé. Thóg sí, más ea, cuid dá thoradh agus d'ith é; thug sí cuid de chomh maith dá fear a bhí ina teannta, agus d'ith sé é.
7 Osclaíodh a súile araon agus chonaiceadar go rabhadar nocht agus d'fhíodar duilleoga fige lena chéile agus rinneadar brait íochtair dóibh féin.
8 Chualadar fuaim an Tiarna Dia agus é ag siúl sa ghairdín i bhfionnuaire an lae agus chuaigh an fear agus an bhean i bhfolach ón Tiarna Dia i measc na gcrann sa ghairdín.