7 Osclaíodh a súile araon agus chonaiceadar go rabhadar nocht agus d'fhíodar duilleoga fige lena chéile agus rinneadar brait íochtair dóibh féin.
8 Chualadar fuaim an Tiarna Dia agus é ag siúl sa ghairdín i bhfionnuaire an lae agus chuaigh an fear agus an bhean i bhfolach ón Tiarna Dia i measc na gcrann sa ghairdín.
9 Ach ghlaoigh an Tiarna Dia ar an bhfear: “Cá bhfuil tú?” ar sé leis.
10 D'fhreagair sé: “Chuala mé do ghuth sa ghairdín agus bhí eagla orm mar go raibh mé nocht, agus chuaigh mé i bhfolach.”
11 “Cé dúirt leat,” ar seisean, “go raibh tú nocht? An ag ithe a bhí tú den chrann a d'aithin mé duit gan ithe de?”
12 “An bhean a thug tú dom mar chéile,” arsa an fear, “ise a thug toradh as an gcrann dom, agus d'ith mé é.”
13 Agus dúirt an Tiarna Dia leis an mbean: “Cad é seo atá déanta agat?” D'fhreagair an bhean: “Mheall an nathair mé agus d'ith mé.”