26 Tabhair dom mo mhná a ndearna mé seirbhís duit ar a son, agus mo chlann agus scaoil liom, mar is eol duit an obair a rinne mé duit.”
27 Ach dúirt Lábán leis: “Más ceadmhach dom é a rá! Fuair mé amach ó na tuartha gur bheannaigh an Tiarna mé ar do shon.
28 Abair cén tuarastal atá uait agus tabharfaidh mé duit é.”
29 D'fhreagair seisean é: “Tá a fhios agat féin cén sort seirbhíse a rinne mé duit, agus conas d'éirigh le do stoc faoi mo réirse.
30 Óir is éachtach mar a mhéadaigh ar an mbeagán a bhí agat nuair a tháinig mise, agus chuir an Tiarna a bheannacht ort cibé treo inar iompaigh mé, ach cathain a dhéanfaidh mé soláthar do mo theaghlach féin chomh maith?”
31 “Cad a thabharfaidh mé duit?” arsa [Lábán]. “Ní gá duit aon ní a thabhairt dom,” arsa Iacób; “má dhéanann tú mar a mholaim, cothóidh mé do thréad arís duit agus déanfaidh mé iad a aoireacht.
32 Rachaidh mé trí do thréad go léir inniu. Tóg as gach caora dhubh (nó ballach nó breac) ar na caoirigh agus gach gabhar ballach nó breac ar na gabhair; bíodh an méid sin agam mar thuarastal.