1 Chuala Iacób go raibh clann mhac Lábán á rá: “Thóg Iacób leis a raibh ag ár n‑athair; tá an saibhreas seo cnuasta aige ó mhaoin ár n‑athar.”
2 Chonaic Iacób nach raibh gnaoi Lábán air faoi mar a bhíodh.
3 Ansin dúirt an Tiarna le Iacób: “Fill ar thír do shinsear agus ar do mhuintir féin agus beidh mise farat.”
4 Chuir Iacób dá bhrí sin fios ar Ráchael agus ar Léá chun na mbánta mar a raibh a thréada
5 agus dúirt sé leo: “Is léir dom nach bhfuil gnaoi bhur n‑athar orm feasta faoi mar a bhíodh, ach bhí Dia m'athar faram.
6 Tá a fhios agaibhse go bhfuil seirbhís déanta agam do bhur n‑athair le barr mo nirt.
7 Ach rinne bhur n‑athair calaois orm agus d'athraigh mo thuarastal deich n‑uaire; ach níor lig Dia dó dochar a déanamh dom.