12 Ansin dúirt sé: ‘Ardaigh do shúile agus féach: na fireannaigh go léir atá ag reitheadh baineannach an tréada, táid ballach, breac, nó riabhach óir chonaic mé a bhfuil á dhéanamh ag Lábán ort.
13 Mise Dia Bhéitéil, mar ar chuir tú ola ar an ngallán agus mar ar thug tú móid dom. Éirigh anois agus fág an tír seo agus fill ar do thír dhúchais.’ ”
14 Dúirt Ráchael agus Léá ansin: “An bhfuil aon fháltas nó aon oidhreacht fágtha dúinne i dteach ár n‑athar?
15 Nach meas coimhthíoch atá aige orainn á rá is gur dhíol sé sinn agus gur chaith sé an mhaoin go léir a fuair sé orainn?
16 An mhaoin go léir a thóg Dia ónár n‑athair, is linne í ar ndóigh agus lenár gclann. Déan dá réir sin gach ar ordaigh Dia duit.”
17 D'éirigh Iacób agus chuir sé a chlann agus a mhná ar muin camall
18 agus thiomáin sé a airnéis go léir roimhe amach, an mhaoin go léir agus an airnéis úd leis a ghnóthaigh sé i bPadan Arám, agus thug aghaidh ar thír Chanán agus ar a athair Íosác.