21 Theith sé lena a raibh aige agus d'imigh leis agus ghabh sé thar an Abhainn ag déanamh ar Shliabh Ghileád.
22 Trí lá ina dhiaidh sin insíodh do Lábán gur theith Iacób.
23 Chuir sé tionól ar a bhráithreacha dá bhrí sin, agus chuaigh sa tóir air ar feadh seacht lá, agus tháinig suas leis ar Shliabh Ghileád.
24 Ach tháinig an Tiarna i dtaibhreamh oíche chun Lábán an tArámach agus dúirt leis: “Ná habair aon ní ar aon chor ar aon chúinse le Iacób.”
25 Nuair a tháinig Lábán suas leis bhí a bhoth curtha suas ag Iacób sna sléibhte; agus chuir Lábán agus a bhráithre a mboth suas i Sliabh Ghileád.
26 “Céard é seo a rinne tú orm,” arsa Lábán le Iacób, “ag déanamh calaoise orm agus ag sciobadh m'iníonacha leat mar chimí claímh?
27 Cén fáth ar theith tú faoi choim agus calaois a dhéanamh orm agus gan é a rá liom i dtreo go seolfainn uaim thú faoi lúcháir agus faoi chantaireacht, le tiompáin agus le cruiteanna.