26 “Céard é seo a rinne tú orm,” arsa Lábán le Iacób, “ag déanamh calaoise orm agus ag sciobadh m'iníonacha leat mar chimí claímh?
27 Cén fáth ar theith tú faoi choim agus calaois a dhéanamh orm agus gan é a rá liom i dtreo go seolfainn uaim thú faoi lúcháir agus faoi chantaireacht, le tiompáin agus le cruiteanna.
28 Níor lig tú dom fiú póg a thabhairt do mo mhic agus do m'iníonacha. Ba amaideach an beart uait é.
29 Tá sé ar mo chumas agam dochar a dhéanamh duit ach dúirt Dia d'athar liom aréir: ‘Ná habair aon ní ar aon chúinse le Iacób.’
30 Fág gur imigh tú le barr síreachta i ndiaidh teach d'athar, cén fáth, ámh, ar ghoid tú mo dhéithe?”
31 D'fhreagair Iacób Lábán: “Bhí eagla orm mar gur mheas mé go mbainfeá d'iníonacha díom le láimh láidir.
32 Ach an té a bhfaighfear do dhéithe ina sheilbh, ní mhairfidh sé beo. Iniúch a bhfuil agam i láthair do bhráithre agus tóg aon ní is leat.” Ní raibh a fhios ag Iacób gur ghoid Ráchael iad.