29 Tá sé ar mo chumas agam dochar a dhéanamh duit ach dúirt Dia d'athar liom aréir: ‘Ná habair aon ní ar aon chúinse le Iacób.’
30 Fág gur imigh tú le barr síreachta i ndiaidh teach d'athar, cén fáth, ámh, ar ghoid tú mo dhéithe?”
31 D'fhreagair Iacób Lábán: “Bhí eagla orm mar gur mheas mé go mbainfeá d'iníonacha díom le láimh láidir.
32 Ach an té a bhfaighfear do dhéithe ina sheilbh, ní mhairfidh sé beo. Iniúch a bhfuil agam i láthair do bhráithre agus tóg aon ní is leat.” Ní raibh a fhios ag Iacób gur ghoid Ráchael iad.
33 Chuaigh Lábán dá bhrí sin isteach i mboth Iacóib agus i mboth Léá agus i mboth an bheirt ionailt, ach ní bhfuair sé iad. Tháinig sé amach as both Léá agus chuaigh sé isteach i mboth Ráchael.
34 Ach bhí na híola tógtha ag Ráchael agus curtha in úim an chamaill agus bhí sí ina suí orthu. D'iniúch Lábán a raibh sa bhoth ach gan aon ní a fháil.
35 Ansin dúirt [Ráchael] lena hathair: “Ná bíodh fearg ar mo thiarna mar nach dtig liom éirí i do láthair, mar táim dála na mban anois agus arís.” Chuardaigh sé dá bhrí sin ach ní bhfuair sé na híola.